Mí Márta

Bhí ár Naíonáin Bheaga an-ghnóthach ag forbairt a gcuid scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta tríd an gclár Fónaic le Fís ✨📚

Táimid fíorbhródúil as a ndíograis, a n-iarracht agus an neamhspleáchas atá ag fás iontu gach lá

Cuairt ón mBriogáid Dóiteáin

Thug an bhriogáid dóiteáin cuairt ar an scoil inniu agus bhuail siad le rang a haon, a dó agus a trí. Bhain na daltaí an-taitneamh as an gcuairt agus d’fhoghlaim siad go leor faoi shábháilteacht dóiteáin. 🧯🚒

#corkcountyfirebrigade

Comórtas NFL

Bhí rang a 6 ag imirt i gcomórtas Peil Meiriceánach inné. Bhain siad sár-taitneamh as an lá amach. Tá siad cáilithe do chomórtas na hÉireann i mí Bealtaine. Maith sibh go léir!!! 🏈🏟️🏉

Cuairt an tArd-Mhéara

Chuireamar fíor-fháilte mhór chroíúil roimh Ard-Mhéara Chorcaí inniu 🎖️🏅 Míle buíochas as teacht amach ar chuairt chugainn

Screenshot

Maidin Oscailte 2026/27

Ba mhian le Gaelscoil Uí Drisceoil cuireadh a thabhairt daoibh teacht go dtí Maidin Oscailte i halla na scoile ar 9:30am ar an 15ú Deireadh Fomhair.
Gaelscoil Uí Drisceoil wishes to extend an invitation to you to an Open Morning at the school on 15th of October at 9:30am in the school halla. The Principal will give an address and answer any questions you may have regarding the school and enrolment. There will also be an opportunity to see the school, meet and converse with other parents. Coffee and tea will be served by members of the parents council, Cairde na Scoile, on the day. The Open Morning will finish at 10:30am approx. Please note that this meeting is for adults only. An opportunity will be given to the children to spend a morning in school in June 2026 prior to starting school in Sep 2026.