Brat Gorm / Blue Flag

Creideann muintir na scoile go bhfuil fiúntas agus tairbhe ag baint le foghlaim faoin Aontas Eorpach. Le ocht mbliain anuas, tá brat gorm bronnta ar an scoil toisc an bhéim agus an obair atá déanta ag na daltaí chun a gcuid tuisceana a fhorbairt ar na cultúir, na teangacha agus ilghnéitheacht na tíortha éagsúla.

Sa bhliain 2018, bronnadh gradam speisialta ar an scoil de bharr na hoibre a rinneadh chum foghlaim na ndaltaí i leith an tAontas Eorpach a chur chun cinn.